Grá Don Ghaeilge agus Gliondar Aiteach i gComharghrúpa AerachAiteachGaelach 

Queer joy and a love for Gaeilge? Check this out
Grá Don Ghaeilge agus Gliondar Aiteach i gComharghrúpa AerachAiteachGaelach 

Dráma Gaelach

Grá Don Ghaeilge agus Gliondar Aiteach i gComharghrúpa AerachAiteachGaelach  Le Eoin Mc Evoy Gliondar aiteach (queer joy) an rud is mó a shamhlaíonn baill AerachAiteachGaelach lenár ngrúpa.

Is comharghrúpa (collective) é AerachAiteachGaelach d’ealaíontóirí LADTAIÉ+ a bhíonn ag cruthú trí mheán na Gaeilge. Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun in Amharclann na Mainistreach díreach roimh an bpaindéim i 2020 agus tá os cionn 100 ball ag plé leis an ngrúpa anois, idir fhilí, scríbhneoirí, dhrámadóirí, aisteoirí, dhamhsóirí, bhanríonacha draig agus ealaíontóirí físiúla. Léiríonn gníomhaíocht (activity) an ghrúpa go bhfuil ról tábhachtach á imirt ag an bpobal aiteach i saol cruthaitheach (creative) na Gaeilge agus tá an grúpa ag dul ó neart go neart.

Tá sé de sprioc ag AAG cur leis an ionadaíocht (representation) a dhéantar ar charachtair agus scéalta LADTAIÉ+ in ealaíona uile na Gaeilge ach is i réimse na drámaíochta is mó atá an grúpa tar éis bláthú. Tá trí dhráma aiteacha nua léirithe againn go nuige seo (to date) agus tá os cionn 1,500 duine tar éis freastal orthu (attend).

Comharghrúpa AerachAiteachGaelach
Comharghrúpa AerachAiteachGaelach

D’inis Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy fíorscéal a gcarad, Alan Walpole, fear aerach a d’fhág Baile Átha Cliath sna 1980idí le saol ní b’fhearr a lorg dó féin i Sasana agus a d’fhill i ndiaidh reifreann 2015 ar thír nár aithin sé. 

Sa dráma suíomhoiriúnaithe (site-specific) seo ag an Dublin Fringe, shiúil gach ball den lucht féachana (audience) trí láithreáin (sets) dhifriúla a léirigh na tréimhsí éagsúla i saol Alan: seanseomra suí i mBaile Átha Cliath sna 1980idí, siopa gruagaire, urlár damhsa Heaven i Londain agus Pantibar ina measc. Chuir scéal Alan tocht (deep emotion) ar dhaoine agus is iomaí deoir a sileadh (many tears were shed) agus an pobal ag cuimhneamh ar stair bheo an phobail aitigh in Éirinn.

Tá an dráma Grindr, Saghdar agus Cher (2022) suite tar éis na paindéime sa bheár aerach agus díríonn sé ar chaidreamh (relationship) an duine aitigh lena phobal féin. Tarraingíonn fear Gaeltachta anáil dhomhain agus tógann sé a chéad chéim riamh thar an tairseach (threshold) isteach i mbeár aerach. Fulaingíonn (suffers) leispiach imeacht ‘Build-a-Willy’ ag cóisir cearc le scata ban díreach. 

Agus tugann fear aiteach eile atá sa tóir ar an gcraiceann (on the hunt for sex) bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile… Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh a scríobh an dráma greannmhar, corraitheach (exciting), dainséarach seo agus tá sé léirithe 17 uair acu ar fud na tíre – éacht nach beag do dhráma Gaeilge. Má chaill tú é, beidh sé le feiceáil arís ag Bród Chléire i gCorcaigh an 17 Lúnasa 2024.

Léiríonn an dráma is nua de chuid an chomharghrúpa, An Chos Eile (2023) le Seán Mac Dhonnagáin, an aiteacht i saol an spóirt. Tá fear óg déghnéasach (bisexual) splanctha i ndiaidh fear aerach ar a fhoireann pheile agus éiríonn siad an-mhór le chéile i gcaitheamh an dráma. Beidh An Chos Eile ar camchuairt (tour) ag deireadh na bliana agus is fiú go mór an dráma gleoite, greannmhar seo a fheiceáil.

Mar aon leis na léirithe againn, is mian le hAerachAiteachGaelach an gréasán ealaíontóirí aiteacha a bhfuil Gaeilge acu a neartú trí iad a chur in aithne dá chéile ag imeachtaí spraíúla agus cruthaitheacha agus trí cheardlanna oiliúna (training workshops) a chur ar fáil dóibh.

Tá ealaíontóirí AerachAiteachGaelach ag neartú ár ngréasáin ar fud na tíre.
Tá ealaíontóirí AerachAiteachGaelach ag neartú ár ngréasáin ar fud na tíre.

Bhí muid sa Rediscovery Centre i mBaile Munna san earrach ag foghlaim conas fuáil (sewing) agus bhí ceardlann an tsamhraidh ar siúl sa Chultúrlann i mBéal Feirste, áit ar thug ár gcuid ball faoi cheachtanna scríbhneoireachta le Seán Ó Muireagáin agus Sam Ó Fearraigh. Beidh ceardlann damhsa againn i gCúige Chonnacht san fhómhar agus reáchtálfar (will be organised) ceardlann amhránaíochta i gCúige Mumhan sa gheimhreadh. Coinnígí súil ar na meáin shóisialta do na sonraí!

Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí (glittering), is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain do phobal aiteach na Gaeilge. Tarlaíonn an t-imeacht seo i gClub Chonradh na Gaeilge gach Meitheamh do Bhród Bhaile Átha Cliath agus é bunaithe ar bháil na ndaoine de dhath (people of colour) in Harlem sna 1970idí. Gléasann na rannpháirtithe (participants) de réir catagóire agus déanann siad iarracht dul i bhfeidhm (impress) ar na moltóirí le duaiseanna a bhuachan. Is iad na catagóirí i mbliana ná ExtravaGeansaí, Drag Caoineadh, Dathanna an Chøntae agus TG Leathair…! Is deis é an Bál do gach duine triail a bhaint as ealaín an draig i suíomh sábháilte agus an aiteacht a chur in iúl i mbealach spraíúil a cheanglaíonn an cultúr Gaelach leis an gcultúr aiteach.

Diaidh ar ndiaidh, tá ealaíontóirí AerachAiteachGaelach ag neartú ár ngréasáin (strengthening our network) le baill nua ó áiteanna ar fud na tíre.  Agus tá muid ag iarraidh nasc a chothú le muintir Phort Láirge freisin. Tugaimid cuireadh duitse, a léitheoir, bheith páirteach inár gcuid imeachtaí agus comhoibriú linn. Más ealaíontóir aiteach tú féin, is féidir clárú mar bhall linn ag www.aerachaiteachgaelach.net/ballraiocht

More in this section

Waterford News and Star