Irish film to be screened in County Waterford

An portráidí óg Aoibhe Devereux who features in the special Culture Night film in An Rinn
Bígí linn-ne, RoseAnn agus Catherine Foley, chun Oíche Chultúir a cheiliúradh i mbliana nuair a chuirfear fáilte rómhaibh ag taispeántas de scannán speisialta i gColáiste na Rinne. Comórfar na daoine éagsúla a shaothraigh sa phobal agus cuimhneofar ar na himeachtaí áitiúla a thit amach i nGaeltacht na nDéise le blianta beaga anuas. Cruthaithe ag RoseAnn Foley gur scannánóir áitiúl í, tá muintir na Rinne agus an tSean Phobail comórtha agus le feiceáil i mbun a ngnó sa scannán seo. Mósáic saoil atá ann agus é curtha i láthair ag deirfiúr RoseAnn, Catherine Foley.
All are welcome to Culture Night 2025 at a special event to be hosted by RoseAnn and Catherine Foley in Coláiste na Rinne on Friday, September 19.
A new film, which was created by local filmmaker RoseAnn Foley, is to be screened in Coláiste na Rinne. Titled 'Ár Slí Bheatha', it recalls events that have happened and the people who have been active in the Gaeltacht na nDéise area over the past two to three years. It portrays a mosaic of daily life in Ring and Old Parish, as presented by RoseAnn’s sister, Catherine Foley.

Ó 2018 ar aghaidh tá Catherine agus RoseAnn ag saothrú chun scéalta áitiúla a chur ar fáil do Mholscéal TG4. Crochtar na scéalta seo ar na meáin sóisialta. Ag an bpointe seo tá stór fairsing de na scannáin gairide seo cruthaithe acu ina insítear scéalta áitiúla. Tagann na scéalta atá roghnaithe don scannáin seo ón dtréimhse idir tús 2023 go dtí le déanaí. Gheobhaidh lucht féachana blaiseadh beag de shaol na Gaeltachta agus den ábhar atá sa chartlann atá acu. Musclóidh na scéalta cuimhní agus beidh daoine in ann cuimhneach siar ar na nithe iontacha atá tite amach sa cheantar.
RoseAnn and Catherine have been creating films for the Molscéal TG4 platform since it was created in 2018. Their short Irish-language films are broadcast on social media outlets. At this point they have amassed a huge collection of filmed stories, all giving voice to local people who are active in the community, commemorating events that are taking place and portraying life as it is happening.
The material for this special Oíche Chultúir exhibition film was chosen from the films that were made between 2023 and now.
Viewers will get a taste of what has been happening in the area and hopefully the stories will awaken memories and remind people of milestones that have happened over the last mír three years.

I mír amháin, feicfear an lá gur chruthaigh muintir uí Ghealbháin sa Sean Phobal coill dhúchasach. I eile, ceiliúrtar an grá buan atá ag lanúin dá chéile agus Lá le Vailintín ag druidim leo. I mír eile comórtar Nioclás Tóibín agus an suíochán ar Bhóthar Heilbhic a nochtadh i gcuimhne dó. Bhí na Foghlúaigh i láthair nuair a imríodh cluiche speisialta i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Meachair a cailleadh sa bhliain 2013. Agus tá scéal ann faoin gcraoltóir óg, Pádraig Ó hAonghusa, a chónaíonn sa Sean Phobal. Tá scéal eile ann faoin teach ceann tuí i mBaile na nGall. Agus ná déanaimis dearmad ar an lá gur dúnadh Oifig an Phoist na Rinne.
In another segment, viewers will be reminded of the day Old Parish’s GAA team, 'The Shocks', who brought the county cup in the Junior Hurling C Championship home for the first time in 74 years.
In another story, as Oíche Shamhna draws near, Bríd Ní Fhloinn shows us how to make a báirín breac.

There’s another story about the rearing of sows on the organic farm of Morgan de Móinbhíol in Old Parish; another about the award-winning artist, Aoibhe Devereux, with her art teacher Maria Ní Dhonnabháin at Meánscoil San Nioclás, and a further insight into life in the same school with a story about this year’s Ceannródaí na Bliana, Naoise Mac Murchadha and his love of athletics.
Beidh fáilte roimh cách chuig an imeacht speisialta seo atá ag fáil tacaíochta ó Ealaín na Gaeltachta. Beidh an ocáid ar siúl ar an Aoine 19ú Meán Fómhair idir a 6 agus a 8 a chlog san iarnóin san Halla Eisteachta i gColáiste na Rinne.